Click here:

Teachta Béaga Gaedhilge, by Norma Borthwick with Illustrations by Jack B. Yeates. The Irish Alphabet in Irish and English Characters.

https://photos.google.com/share/AF1QipNSww7iHkEvrYWqajZOiKrQfFrW3VR57Vfg2CYHHeQPslIRaLdHo8NLw6sf_udapg?key=djVmZkc5UTItTmhrMGdUc2pmT29UMVNnY2cxdEFn

BORTHWICK, Norma (18621934)

Scaip Tvuít Seol

leagan furasta le priontáil

ainm eileAodh RuaGartanFear na Móna
dáta breithe25 Iúil 1862
dáta báis13 Meitheamh 1934
áit bhreitheHighfield, Higher Bebington, Chester, Sasana
áit bháisCille Bhrìghde, an tEilean Sgitheanach
áit adhlacthaCill Ma-Ruibhe, an tEilean Sgitheanach
inscnebean
slí bheathaamhránaíscríbhneoirealaíontóir

GRÉASÁN GEOGRAFACH

Féach áiteanna a bhaineann leis an mbeathaisnéis seo ar léarscáil idirghníomhach.

GAOLTA TEAGHLAIGH

George Borthwick [tuismitheoir]

Mary Elizabeth MacDonald [tuismitheoir]

NAISC ANALL

Beathaisnéisí a bhfuil crostagairtí iontu chuig an gceann seo.

NÍ RAGHALLAIGH, Mairéad (c.1867–1945)

Ó TUAMA, Micheál (1877–1927)

Ó SÉAGHDHA, Tadhg P. (1906–1978)

NIC DHONNCHADHA, Lil (1891–1984)

MAC NÉILL, Cathal (1862–1958)

NÍ RAGHALLAIGH, Áine (1868–1942)

KEAWELL, Patrick J. (c.1864–1933)

Ó SÚILLEABHÁIN, Micheál (c.1862–1925)

NÍ SHÍTHIGH, Caitlín (1886–1938)

COX, Michael Francis (1852–1926)

Ó LAOGHAIRE, Peadar (1839–1920)

Ó DOMHNAILL, Pádraig (1856–1927)

Ó CUÍV, Shán (1875–1940)

BERGIN, Osborn Joseph (1873–1950)

‘A handsome young woman with a pale haughty face and an assured carriage. There was pride and temper in the face: the broad intellectual forehead had short downward lines between the brow. But the mouth had a charming smile’. Sin é an cur síos atá ag Charlotte McManus uirthi in White light and flame: memories of the Irish Literary Revival and the Anglo-Irish war, 1929. Ar 25 lúil 1862 a rugadh í i HighfieldHigher BebingtonChesterGeorge Borthwick, fear gnó (“General merchant” atá ar theastas breithe Norma, cé go luaitear bróicéaracht billí leis ina theastas pósta) a hathair agus ba í Mary Elizabeth MacDonald as Dún Éideann a máthair. Mariella Norma a hainmneacha baiste; ainm cumaisc é ‘Mariella’, é bunaithe ar ‘Mary Elizabeth’. Deartháir dá sin-seanmháthair, Mary Elizabeth eile, an Alan MacDonald ón Oileán Sciathanach in Albain a phós Flora MacDonald. Uncail do Norma ba ea Sir John MacDonald, Lord Kingsburgh, a bhí ina Lord Justice-Clerk ar Albain ó 1888 go 1915. Dar le Irisleabhar na Gaedhilge (Meitheamh 1897) gur neacht í Norma le Sir Algernon Borthwick, an chéad Bharún Glenesk, eagarthóir agus uinéir an Morning Post. Dhealródh go raibh gaol aici leis nuair nár shéan sí an tuairisc sin ach is léir ón gcuntas ar dheartháireacha Lord Glenesk in Lord Glenesk and the Morning Post (1910) nár dheartháir dá hathair é.

Is de réir dheasghnátha na hEaglaise Caitlicí agus Aspalda, a bunaíodh timpeall 1832, a pósadh tuismitheoirí Norma. Rugadh ochtar clainne dóibh, cúigear iníonacha agus triúr mac.

An chéad eolas cinnte fúithi in Éirinn go raibh sí sa láthair i nGaoth Dobhair nuair a díshealbhaíodh tionóntaí ar eastát Olphert. Na sceitsí a tharraing sí ann tá siad le feiceáil i bhforlíonta a cuireadh le United Ireland i nDeireadh Fómhair agus i Samhain 1890. Rinne Liam P. Ó Riain an tagairt seo di in The Irish Literary Revival (1894): “Miss Norma Borthwick who is known as an artist will be remembered by many readers in connection with the exciting episodes in the Land War in Ireland”.

D’fhoghlaim sí Gaeilge ó Thomás Ó Flannghaile sa Southwark Literary Society. Is dó a thoirbhir sí Aibgitir na Gaeilge (1900). Is inspéise gur aithris sí “Laoi Oisín i dTír na nÓg”, a bhfoilseofaí eagrán Thomáis de in 1896, ar 17 Eanáir 1895, an oíche ar cheangail sí le Conradh na Gaeilge i Londain. Chaith sí seal ina cisteoir acu. Tháinig sí os comhair shaol na Gaeilge nuair a ghnóthaigh sí duais ar aiste faoin teideal “Brí na teanga i gcúis na náisiúntachta” ag an gcéad Oireachtas in 1897. “Aodh Rua” an t-ainm cleite a roghnaigh sí. Bhailigh Fionán Mac Coluim an duais thar a ceann. Cearnóg Markham, Chelsea, a seoladh ag an am. Ceapadh í mar rúnaí ag Ard-Choistean Chonartha ag cruinniú 15 Meitheamh 1898. Post deonach a bhí ann. D’éirigh sí as i Mí na Nollag na bliana sin. Cuid dá cúram bainistíocht Irisleabhar na Gaedhilge. Bhuaigh sí duais san amhránaíocht ag Oireachtas 1898. I gcaint raidió a chraol sé i 1958 dúirt Mac Coluim gurbh amhránaí agus ceoltóir í. Um Nollaig 1898 bhí sí ag fanacht leis an mBantiarna Gregory sa Chúil: “Miss Borthwick the Irish scholar who had been giving me lessons in London is staying here and has classes every afternoon in the Gate Lodge, about eight girls and thirty to forty young men alternately, some walking as far as three miles to attend” (Seventy years). Idir shúgradh is dáiríre dúirt sí freisin: “The beginning of modern Irish drama was in the winter of 1898 when Douglas Hyde and Miss Borthwick acted in Irish in a Punch and Judy show”.

Norma agus Torna a chuir eagar ar imeachtaí foilsithe Oireachtas 1898. Comhthoghadh í ina ball den Choiste Gnó in 1899 agus bhí sí ina rúnaí ar Oireachtas na bliana sin. Bhí sí ag cabhrú le hEoin Mac Néill chun An Claidheamh Soluis a thabhairt amach.

.